MENU

An Seachtú Comhdháil Bhliantúil de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

9 Meán Fómhair, 2022

Bilbao, Tír na mBascach – Chríochnaigh Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) a sheachtú comhdháil idirnáisiúnta bhliantúil agus a gcruinniú ginearálta bliantúil (CGB - AGM) inniu i Bilbao, Tír na mBascach. Níor tháinig an cumann le chéile i bpearsa ó thús na paindéime COVID-19.

“Tar éis níos mó ná trí bliana scartha óna chéile, bhí an chomhdháil agus an CGB (AGM) ina ndeis do na baill chun athcheangal agus tiomantas a thabhairt athuair dár misean ar mhaithe le tacú le, agus do chur chun cinn, cearta teanga, comhionannas agus éagsúlacht ar fud an domhain,” a dúirt Raymond Théberge, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada agus Cathaoirleach an IALC atá ag dul as oifig.

Le linn na comhdhála dhá lá, reáchtáil an grúpa seisiúin agus painéil ag plé le raon leathan ábhar, lena n-áirítear tionchar na paindéime COVID-19 ar choimisinéirí teanga agus ar chearta teanga, na dúshláin agus na deiseanna a chuireann na meáin shóisialta ar fáil, ról na dteangacha oifigiúla laistigh d’fheidhmeanna an ombudsman, na dúshláin a bhaineann le gnóthú feidhmeanna an Choimisinéara Teanga, agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar imscrúduithe nuair a bhíonn brúnna seachtracha i gceist.

Le linn an CGB (AGM), d’aontaigh comhaltaí an chumainn, mar chuid dá gcéad phlean oibre eile, catagóir ballraíochta a chruthú do bhreathnóirí, le go mbeadh dlínsí nach gcomhlíonann critéir bhallraíochta sainithe an chumainn faoi láthair in ann a bheith rannpháirteach áfach i ngníomhaíochtaí an IALC.

Toghadh Coimisinéir na Breatnaise mar Chathaoirleach agus Rúnaíocht an chumainn don bhliain atá le teacht ag an CGB (AGM) freisin.

IALC - Twitter

IALC - Facebook