MENU

Oifig an Choimisinéara Teanga, Éire

Oifig an Choimisinéara Teanga

Tír/ Réigiún:

Éire

Ainm na hOifige

Oifig an Choimisinéara Teanga

Shéamais Ó Concheanainn, An Coimisinéir Teanga

Ainm an Chomhalta

Shéamais Ó Concheanainn, An Coimisinéir Teanga

Suíomh Gréasáin

www.coimisineir.ie

I dTAOBH an CHOMHALTA

Cheap Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn Séamas Ó Concheanainn ina Choimisinéir Teanga ar an 6ú Nollaig 2023. I ndiaidh do Thithe an Oireachtais glacadh le rún de chuid an Rialtais, chuir an tUachtarán a lámh le ceapachán an tUasal Ó Concheanainn ag searmanas in Áras an Uachtaráin. Bhí Séamas ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2020. 

Tagann Séamas i gcomharbacht ar Rónán Ó Domhnaill a chaith naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga sular ceapadh i measc na gCoimisinéirí i gCoimisiún na Meán é ag tús na bliana seo.

Ar ócáid a cheapacháin, dúirt Séamas Ó Concheanainn:

“Tá mé ag súil go mór leis an deis i mo ról mar Choimisinéir Teanga tionchar suntasach a imirt ar mhéadú agus ar fheabhsú na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge ag eagraíochtaí stáit.  Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht nadTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú.  Tá gealltanais shuntasacha sa reachtaíocht teanga nua, ar nós an Plean Náisiúnta a leagfaidh amach cur chuige na hearnála poiblí, a chuimsíonn breis agus 500 comhlacht poiblí, le freastal cóir agus cothrom a dheánamh ar phobal na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta.  Beidh feidhmiú na ngealltanas maidir le dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge a bheith ar fáil do sholáthar na seirbhísí poiblí nua criticiúil freisin.  Teastóidh beart náisiúnta ina mbeidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna a sholáthar, d’fhíorú na gcearta teanga atá sa reachtaíocht leasaithe.”

Ag labhairt dó ar fhorálacha atá tagtha i bhfeidhm cheana dúirt an Coimisinéir nuacheaptha:

“Tá fáilte mhór le cur roimh an mborradh follasach faoi fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla. Leagann alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí sciar suntasach dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Is den tábhacht é go mbeadh an Ghaeilge á saothrú mar mheán plé agus dioscúrsa san uile réim phoiblí.”

As Baile an tSagairt, an Spidéal i gContae na Gaillimhe do Shéamas Ó Concheanainn. Tá achar trí bliana caite aige ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Roimhe sin, bhí sé ina Riarthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na Gaillimhe), i gCarna, mar a raibh sé ag plé le fearainn na hacadúlachta agus bainistíochta araon. Is iomaí ábhar taighde teangabhunaithe ar chuir Séamas faoi réir le linn a chuid ama ina measc Fios Físe, tionscadal taighde náisiúnta a bunaíodh d’fhonn tomhas a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal abhartha na Gaeilge ar TG4.  Tá spéis ar leith aige sa bpleanáil teanga agus sa bhforbairt pobail agus sealanna éagsúla caite aige thar na mblianta ag obair go deonach le raon leathan eagraíochtaí agus coistí pobail.

Seo an chéad uair ar fógraíodh folúntas an Choimisinéara Teanga mar chomórtas earcaíochta, oscailte don phobal.

Téarma 6 bliana atá sa cheapachán mar Choimisinéir Teanga.

 

I dTAOBH OIFIG an CHOMHALTA

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta sin ag comhlachtaí poiblí. Is é bunchuspóir an Achta go mbeadh breis seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí. Fiosraíonn Oifig an Choimisinéara Teanga gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a comhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus/nó le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

Seoltar tuarascáil i scríbhinn faoi gach uile imscrúdú mar aon le fionnachtana agus moltaí chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí, Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, chuig an gcomhlacht poiblí agus chuig an ngearánach. Is féidir le haon duine a ndéanann torthaí an imscrúdaithe difear dó nó di achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí laistigh de cheithre seachtaine.

Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta agus a gcuid scéimeanna reachtúla teanga á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí. Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus cuirtear comhairle ar fáil freisin do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.

FAISNÉIS BHUNRIACHTANACH AR STÁDAS NA dTEANGACHA SA TÍR

Tá dhá theanga oifigiúla in Éirinn - Gaeilge agus Béarla. De réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ‘ós í an teanga náisiúnta í.’ Glactar leis an mBéarla mar theanga náisiúnta eile. Go praiticiúil, áfach, is minic nach ndéantaí aon soláthar éifeachtach do sheirbhísí i nGaeilge. Bhraith daoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát nach raibh an dara rogha acu ach a gcearta bunreachtúla fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla lena ngnó a dhéanamh go héifeachtach. Bhí sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge ó na comhlachtaí poiblí.

Is í an Ghaeilge teanga dhúchasach na hÉireann agus bhí sí á labhairt ag móramh an phobail anuas go lár an 19ú céad. Tá sí á labhairt fós mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta, suite ar an gcósta thiar den chuid is mó. In 2007, léirigh staidéar teangeolaíoch go raibh an Ghaeilge ina príomhtheanga phobail agus theaghlaigh i 24 de na 154 toghroinn atá sa Ghaeltacht.

Lasmuigh den Ghaeltacht, labhraítear an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh ar fud na hÉireann. Dar le Dáonáireamh 2022 dúirt 1.87 milliún duine os cionn trí bliana d’aois go bhfuil labhairt na Gaeilge acu (méadú 6.4% ar an bhfigiúr 1.76 milliún duine i nDaonáireamh 2016). Ní mar a chéile iad na figiúirí i gcás na gcainteoirí laethúla taobh mauigh den chóras oideachais. Dúirt 71,968 duine go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais (laghdú 2.5% ar an bhfigiúr in 2016).

Tugann tuarascálacha bliantúla Oifig an Choimisinéara Teanga mionchuntas ar obair na hOifige ó bunaíodh í in 2004. Tá fáil ar na tuarascálacha ag www.coimisineir.ie/foilseachain.